Friday 9 July 2010

Ar ais sa Chomhlathas? (as An tUltach, Meitheamh 2010) ('Ireland and the Commonwealth' - Léirmheas le Peader Cassidy)

('Ireland and the Commonwealth' - Léirmheas le Peader Cassidy)

Cnuasach aistí atá sa leabhar seo ina bpléitear le téama amháin: moltar caidreamh idir Éirinn agus an Chomhlathas Briotanach a dhaingniú agus cuirtear i láthair na buntáistí a bhéadh ann ach an scoilt eatarthu a dheisiú.

Bhí cuid de na hailt le scribhneoirí mór le rá mar Mary Kenny, Roy Garland, Bruce Arnold agus John-Paul McCarthy i gcló cheana féin.

Tugann siad léargas bríomhar ar na pearsantachtaí a bhí páirteach sa stair chorraitheach a bhaineann leis an cheist seo, Seán McBride, Éamonn De Valera agus Clement Attlee ina measc.

Cuireann Rob Bury síos ar an eachtra greanntraigéide a thit amach nuair a bhris an Comhrialtas amach ón Chomhlathas ceithre lá roimh an chinneadh i mí Aibreáin 1949 chun glacadh le pobhlachtaí sa Chomhlathas, mar shampla, an India.

Is suimniúil na hathruithe eile a tharla sa Chomhlathas ón uair sin i leith: tá 54 tir anois ann, 33 poblacht ina measc. Ar na stáit nua a tháinig isteach ann le déanaí tá an Afraic Theas (tar éis dóibh achar ama a chaitheamh taobh amuigh de), Mósaimbíc agus Ruanda.

Pléitear an cheist go huile is go hiomlán, agus tá athrá le mothú anseo is ansiúd sna scríbhinní. Is suntasach go bhfuil alt i nGaeilge ann.

Tá an leabhar beoga soléite fiú mura n-aontaíonn tú leis an pholasaí áirithe a chuirtear chun cinn ann. Tá creidiúint mhór ag dul don Reform Group as an leabhar a fhoilsiú; grúpa é nach bhfuil eagraithe go hoifigiúil go fóill ach a bhfuil suíomh idirlín acu; níl mórán maoinithe faighte acu ach oiread.

Bhí scaifte maithi i láthair nuair a seoladh an leabhar in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dawson, Baile Átha Cliath ar 11 Bealtaine 2010.

Mar aíonna an bhí an Seanadóir David Norris, Roy Garland, gníomhaí síochána agus colúnaí leis an Irish News agus Geoffrey Roberts, Ollamh le Stair in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Corcaigh.

Labhair an Seanadóir Norris go fuinniúil ag maoimh gur comhartha aibíochta againne sa tir seo an ceangai leis an Chomlathas a phlé, go bhfuil trí phoblacht is tríocha san eagras cheana féin agus mar bharr áir sin go bhfuil gaol ag Banríon Eilis II le Brian Ború agus Eoin Ruadh Ó Néill.

Rinne Roy Garland cur síos ar scéal a mhuintire féin i saol corraitheach an Tuaiscirt. Chonaic sé an t-amhras agus an naimhdeas roimh Phoblacht na hÉireann: dar leis, beidh Aontachtaithe doicheallach i leith na Poblachta go dtí go ndéanfar athmhachnamh ar cheis an Chomhlathais.

I measc na ndaoine eile a bhí i láthair bhí Elizabeth Green, Príomhrúnaí Ambasáid na Breataine, Antoinette Rademan, Comhairleoir Ambasáid na hAfraice Theas agus Barbara Fitzgerald, iar-Uachtarán an Irish Association.

Bhí ionadaithe as Fine Gael i láthair freisin. Tá an leabhar ar fáil ar an idirlíon ar €10. (http://reformblog.blogspot.com)

(as An tUltach, Meitheamh 2010)